A chairde, tá súil agam go raibh tús maith ag achan duine le - TopicsExpress



          

A chairde, tá súil agam go raibh tús maith ag achan duine le bliain úr sacu! (Y) Tá ceist bheag agam oraibh. Duradh liom nár chóir ceadúnas teilifíse a íoc sa Tuaisceart muna bhfuil soláthar TG4 ann, mar bhí sé aontaithe ag Chomhaontú Aoine an Chéasta go mbeadh TG4 curtha ar fáil ar fud Tuaisceart na hEireann. Ní féidir liomsa TG4 a fháil ar an teilifís faoi láthair, an mbeadh cás gearáin agam an meas sibh? Tháinig mé ar an litir seo thíos ag déanamh tagairt do ach go fóill ní thuigim an mbeadh sé de cheart agam gan an ceadúnas a íoc. Aon smaointí / eolais ag éinne? Tá mé buartha go bhfuil an nasc i mBéarla, agus tá mé sásta é a bhaint anuas má chuireann sé isteach ar dhaoine! :) https://gov.uk/government/uploads/system/uploads/attachment_data/file/78558/Letter_PRabbitte-EVaizey_11OCT2011.pdf
Posted on: Fri, 02 Jan 2015 16:13:42 +0000

Trending Topics



Recently Viewed Topics




© 2015