Colm Ó Neasa ag cur do thuairisce a Thomáis. Seo, ón mbeirt - TopicsExpress



          

Colm Ó Neasa ag cur do thuairisce a Thomáis. Seo, ón mbeirt againn: Larnamháireach an Luan. Luan a lomfadh go maith duine, a reofadh na clocha do mhoncaí práis, mar deir a’ Béarla, triomach dubh anoir aduaidh ann. Duibheac a luíonn le dualgas an tsaosúir. Bhí dráma á chur ar bun i dTigh Khrugir ag Wilie an oíche roimis sin. Ár Leithéidí Arís a bhí tabhartha aige air, macalla dá ndúirt údar mór an Oileáin nuair a dúirt ná beadh ‘ár leithéidí aríst ann’ – leithéidí a chomhaoistí féin is na glúna rompu, óir ba bheag athrú a tháinig ar an saol a chaitheadar, ach go mbrath Tomás – an té scrígh a bhfuil idir chamóga thuas – go raibh dán an Oileáin ar tí athrú. Dar ndóigh ní haon iontas é sin. Is fadó ráite go mbíonn nach aon tsaol ag athrú – cuid acu níosa thapúla ná chéile má sea. An rud a bhí i gceist ag Willie go raibh leithéid an tseanachleas a móradh chomh mór san Oileánach fós i nDún Chaoin, pé scéal ag an saol ina ndiaidh sin é. Má thiocfadh sé sa tsaol go ndéarfaí nach é an Dún Chaoin céanna in ao’ chor é, chiallódh san ná bíonn ach a ionú féin ag gach rud, ná bíonn ar nach aon ní ach tamall, más fearr a tuigfear san. Dráma i dTigh Khrugir, áit go mbíonn dráma nach aon oíche. Cad ab áil leis a’ dtigh sin do dhráma? Scéal nua. Cuir stróc ar a’ bhfalla. Gealladh roimis seo go bhfillfí ar na nithibh as an seanathigh a bhí insa tigh nua a chur i gcuntas i gcaibideal níos fhaide anonn. B’fhearr déanamh dá réir. Pictiúir breá dubh agus bán do Khruger, bogha féna bhóna, seaicéad dinnéir air, ag caint le De Valera in Áras an Uachtaráin taobh le clabhar i pé seomra ina raibh an fháilte roim Khruger. Ar a gcúl tá portráid don bPiarsach, a leicinn dheis iompaithe i dtreo an cheamara mar ba nós leis ar chúis atá’s ag an saol mór. An Triúracht Ró-Thrírghrách. Cad a dhéanfadh an saol gan iad? Pictiúir ón dtaobh istigh do phictiúir, mar a bhíonn scéal ón dtaobh istigh do scéal, agus dráma, mar atá i Hamlet. Agus anois dráma ón dtaobh istigh do Thigh Khrugir. Níl deireadh againn le pictiúirithe fós, i dtaobh don dtigh seo gan a bheith fé dheireadh leo. Tá na sóirt pictiúirí ar a dtugtar stadáin as Ryan’s Daughter cruinnithe ar a chéile fé aon fhráma mór amháin ar an bhfalla thiar, taobh leis an bhfuinneoig óna bhfuil radharc scópúil teicnedhaite ar an Oileán Tiar. Sarah Miles féna párasól gréine ar Thráigh a’ Choma. Robert Mitchum gafa i gculaith an mháistir scoile, féna bhóna is a charbhat, ach go scéitheann an tslí chaitheann sé a hata air, gan aon oidhre air ach Clint Eastwood i Hang ’em High. Le hais leis sin tá pictiúir breá d’fhear nár dh’fhág an gháire riamh a cheannaithe, sé sin Pound. Beirthe isteach atá sé ar bhean. Bean dhathúil fhionnabhán óg leis, ’om baice fhéin, gan le feiscint ach ón ucht anairde, cad é greamú ag an mbuachaill. Seit á rince acu ach a mbeir an ceamara orthu. Pound tagtha ón Oileán siúrálta. Í siúd sa naomhóig, is beirt eile, punt an duine isteach is amach. Jerry is dócha a bhí ina theannta inti. Isteach go Tigh Khrugir. Spallta ag an lá. Lean an blondie bán iad chomh siúrálta le faic. Fágfam Pound san athfhás ina bhfuil sé. Ar fhalla eile tá portráid do Roibeard Emmet ag tabhairt a aithisc cháiliúil cúirte sara bhfuair an chroch ar Shráid Thomáis t’réis Éirí Amach na bliana 1803, casóig eireabaill air, bríste glún, an t-uabhar ag brúchtaíl ina ucht, ‘then and not ’til then shall my epitaph be written,’ foscríte féna bhun. Bhí nach éinne ag súil leis an ndráma. An rud nua an rud a deirtí sa tsaol gurbh annamh don rud nua a bheith ar fáil, ná d’aon rud nua tarlú puinn sa tsaol ach an seanarud céanna go deo deo. Bhí rudaí nua a’ tarlú nach aon lá anois. Ní hiontas mar sin daoine a bheith ag súil leis an annamhaíocht ba dheireanaí, gan aon tsúil acu leis an anabaíocht a bhí chucu. Cad deirir ná go scaoil na haisteoirí síos iad, athrú aigne tagtha dhóibh, nó athrú comhairle fachta acu ó phastaire éigin. Ó ní dhéanfaidíst é. Cén ghnú a bhí ag dráma i bpub. Ní héisteofaí leo. Nach éinne ag caitheamh siar cois cuntúrach beag beann ar a mbeadh á stáitsiú taobh an adharta. B’fhearr leis an gcompántas bréige seo stáitse na fuaire i halla éigin ná ardán a dh’fháilt i dtábhairne an bhaile seo i bhfad siar. Aisteoirí chomh maith leo, go n-éisteodh daoine leo ná dh’éist a mbéal riamh. Dulta i bhfolach ar scáth choimpléasc na huaisleachta a bheireann go mbíonn daoine ann a bhíonn lán do chac. Bhí Willie ann. B’é b’údar leis an ndráma, a dhá láimh ar sileadh leis, ina staic i lár an urláir, gan focal as, ó b’annamh leis. Ó b’annamh leis an gcat srathar a bheith air, sea é siúd ina dhúra dara, a ucht amuigh aige, a ghuaille leathnaithe, gothaí na cocaíochta, gan guth, gan puth. Ráinig go raibh Pól ina theora, Seosamh tar éis a dh’fhógairt don slua ná beadh aon dráma le beith ann, go raibh sé curtha ar ceal. ‘Ceal go bhfana air,’ arsa Pól, ‘nach mór an t-éirí ón gcac a leithéid a dhéanamh.’ Dh’fhéach Willie air fé mar ná raibh sé feicthe riamh roimis seo aige, de nós aige neamhaird a dhéanamh d’éinne fireann ná raibh na trí fichid glanta aige. Mheasa ná san dá ba ón nGráig thu. Caint eile ar fad a bhí ansan thuaidh. Gráigis, a dhuine. Buinoscionn le Dún Chaoinis thá’s agat, is go gcaithfeá tú fhéin a dh’fhaire orthu mar go dtagann laethanta breátha gur breá leo an Ghaelainn thuaidh acu san leis. Foghlaim ar chuid acu. Scríte age fear acu i dtaobh sheachránaí ar nós fhánaí an Chóta. Go Tigh Khrugir a thagaid, má sé do thoil é, meas orthu ann. Ní mhaith dhuit faic a rá. Ag dul do réir na tuisceana san orthu súd ón dtaobh thuaidh do Mhám, dh’fhan Willie ina éisteacht, ní dúirt gur mhór ná nár mhór an t-éirí ón gcac é, aon ní ach suí ar stól ard t’réis ábhair slí a chur eatarthu, a phíp a tharrac amach sara ndeargfadh, piont is leathghloine a lorg ar Pháid laistigh, allas leis. ‘Go dtuga an diabhal coirce dhon gcuid sin agaibh go bhfuil sé tuillte agaibh,’ arsa Pól ina chogar. ‘Cad dúirís?’ arsa Úilic, iad fanta i dTigh Khrugir ó ghaibhdear isteach tráthnóna, cacaithe fúthu acu. ‘Fiafraigh dhom thóin é,’ bhí Pól chun a rá, ach nár dhein mar nárbh ar Úilic a bhí aon chuid dhon locht, duine des na Dún Chaoinigh dea-mhaitheasacha nár mhilleánaigh aon Ghriagach riamh aduaidh ón nGráig. Ná’n riabhach é, a bhuachaill bháin. ‘Seo, caith siar é sin is ná cím tu ag féachaint air. A Pháid, sáin i leith dhá phiont.’ ‘Álraidhit, a bhuachaill,’ laoch Páid ná chaith lá cheal a bheith lách riamh. ‘Leath is leath,’ de bhéic ó Phól, eagla air go ndéanfadh Páid dearúd. A raibh do phórtar sloighte aige ba bhun lena amhras go mb’fhéidir go bhfaighidís an pórtar mícheart, rud ná raibh aon tseans air, ana-cheann ar an bhfear istigh, é tabhartha uaidh aige ach a raibh sé ar scoil a’ Daingin chomh nótálta is a bhí sé.
Posted on: Wed, 25 Sep 2013 12:53:06 +0000

Trending Topics



Recently Viewed Topics




© 2015